Tá bean in Éirinn
a phronnfadh séad damh is mo sháith le n-ól
Is tá bean in Éirinn is ba binne léithe mo rafla ceoil
No seinm théid; atá bean in Éirinn is níorbh fhearr léi beo
Mise ag léimnigh no leagtha i gcré is mo tharr faoi fhód.
Tá bean in Éirinn
a bheadh ag éad liom mur bhfaighinn ach póg
O bhean ar aonach, nach ait an scéala, is mo dhaimh féin leo;
Tá bean ab fhearr liom no cath is céad dhíobh nach bhfagham go
deo
Is tá cailín spéiriúil ag fear gan Bhearla, dubhghránna cróin
Tá bean a dearfadh
da siúlainn léithe go bhfaighinn an t-ór
Is tá bean 'na léine is fearr a méin no na tainte bó
Le bean a bhuairfeadh Baile an Mhaoir agus clar Thir Eoghann,
Is ní fhaicim leigheas ar mo ghalar féin ach scaird a dh'ól
© 1996 by EMI Records, Ltd.
| Back to: |